SÍNIÚ AN ATHCHÓIRIÚ ANSEO
Tá ár gcóras tithíochta ina phraiseach. Tá an iomarca brú ar os cionn 85 mhilliún duine san Aontas Eorpach de dheasca costais tithíochta. Tá an iomarca daoine ag maireachtáil i dtithe ar dhrochchaighdeán nó i dtithe a bhfuil drochbhail orthu. Tá méadú ag teacht ar na liostaí feithimh le haghaidh tithíocht shóisialta agus inacmhainne. Tá an bhochtaineacht fuinnimh, an díshealbhú agus an easpa dídine ag bagairt ar shaol na milliún saoránach. Agus tá na héagothromaíochtaí sin – a bhí dian riamh – ag dul in olcas de dheasca COVID-19.
Tá sé in am an ghéarchéim tithíochta a leigheas. Tá dea-bhail choiteann ár nAontais ag brath air sin. Is mithid athmhachnamh a dhéanamh ar chlár oibre beartais AE chun aird chuí a thabhairt ar an tithíocht.
Is mó ná seoladh poist é an teach; is ann a bhíonn cónaí orainn, bíonn grá ann, múnlaímid an todhchaí ann agus is minice anois ná riamh a bhímid ag obair ann. Ancaire atá ann a ligeann dúinn rochtain a fháil ar fhostaíocht agus ar dheiseanna eile. Is áit shuaimhneach é ina bhfaighimid faoiseamh ó bhrúnna an tsaoil. Ba cheart teach ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta a bheith ina cheart ag gach saoránach trí shamhail uilíoch tithíochta a chur chun feidhme. Más féidir linn an méid sin a bhaint amach, is féidir linn céim shuntasach chun cinn a dhéanamh i dtreo comhdheiseanna a áirithiú agus comhtháthú sóisialta a mhéadú san Aontas seo againne.
Ní mór don Aontas Eorpach príomhthosaíocht a thabhairt don tithíocht agus ní mór dá bheartais uile rannchuidiú le tithíocht chuibhiúil agus inacmhainne a chur ar fáil do chách. Ní mogaill fholmha atá sna gealltanais sin a tugadh i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ba cheart déanamh dá réir. Maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 san Aontas, ní mór tosaíocht a thabhairt do na cuspóirí sóisialta, lena ndéantar ár saoránaigh a chumhachtú chun a dtimpeallacht mhaireachtála a chomhchruthú, lena n‑áirítear inacmhainneacht tithíochta. Ní mór go mbeadh an infhorfheidhmitheacht dhlíthiúil chéanna ag spriocanna tithíochta agus atá ag cuspóirí éiceolaíochta, ag comhdhlúthú fioscach agus ag cobhsaíocht airgeadais.
Déanfaidh an infheistíocht i dtithíocht inacmhainne leas mór. Is uirlis thábhachtach í sa chomhrac i gcoinne an eisiaimh shóisialta agus an leithscartha chríochaigh. Cuidíonn sí le spásanna maireachtála cuimsitheacha a chruthú agus spriocanna aeráide a bhaint amach (is ionann an tithíocht agus 36 % d’astaíochtaí ceaptha teasa an Aontais) agus bíonn tionchar dearfach aici ar an ngeilleagar áitiúil.
Creidimid in Eoraip níos comhtháite a chosnaíonn gach duine trína ráthú go bhfuil áit mhaireachtála shásúil ag gach saoránach, go háirithe na daoine sin i ngrúpaí leochaileacha. Creidimid gur féidir linn an ghéarchéim aeráide a mhaolú, i gcomhar lenár saoránaigh agus lenár bpobail, trí earnáil tithíochta a thógáil a sholáthróidh tithe a bheidh tíosach ar fhuinneamh. Ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, creidimid nach mór dúinn gach uile shórt a dhéanamh chun pobail chuimsitheacha agus comhar nuálach sa tithíocht a chur chun cinn.
Táimid ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Comhaontú Eorpach don Tithíocht a thabhairt i gcrích ag a mbeidh córas fónta faireacháin tithíochta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha;
- Níos mó infheistíochtaí i dtithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe chun an bhearna infheistíochta EUR 600 billiún a bhí ann le deich mbliana anuas a dhúnadh, chun tithe nua a thógáil, chun an lorg carbóin a laghdú trí athchóiriú agus chun comharsanachtaí a bhfuil sé éasca maireachtáil iontu a chruthú in éineacht lenár saoránaigh;
- Gealltanas soiléir go mbeidh margadh tithíochta níos cothroime mar thoradh ar aon infheistíocht phoiblí sa tithíocht, agus an infheistíocht nasctha le coinníollacha ceangailteacha amhail ráthaíocht tionachta agus inacmhainneacht;
- Deireadh a chur le bearta déine, rud a thabharfaidh deis d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla infheistíocht a dhéanamh sa tithíocht ionas gur féidir leo soláthar tithíochta sóisialta atá leordhóthanach agus inacmhainne a mhéadú do chách (níor cheart an tairseach tagartha don ráta ró-ualaigh maidir le costas tithíochta a bheith níos airde ná 25 % d’ioncam indiúscartha teaghlach);
- Athrú ar na rialacha maidir leis an státchabhair, ar rialacha cuntasaíochta agus iniúchóireachta an Aontais agus an tithíocht a chomhtháthú leis an liosta Seirbhísí lena ngabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta, rud a d'fhágfadh go bhféadfaí beartais chuimsitheacha a fhorbairt don tithíocht;
- Creat Eorpach chun tionchar diúltach na n‑ardán digiteach ar mhargaí tithíochta a rialú;
- Gealltanas Eorpach chun dul i ngleic le hamhantraíocht agus sciúradh airgid sa mhargadh tithíochta trí bhíthin clárlann trédhearcachta agus trí chórais áitiúla rialaithe do phraghsanna cíosa a bhunú chomh maith le rialú an mhargaidh eastáit réadaigh;
- Ní mór inacmhainneacht tithíochta a chur san áireamh sa Seimeastar Eorpach agus sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, agus
- Obair leantach a dhéanamh maidir leis na moltaí ó Chomhpháirtíocht an Aontais maidir le Clár Oibre Uirbeach don Tithíocht agus beartais de chuid an Aontais a bhaineann leis an tithíocht á múnlú amach anseo.
Sínitheoirí:
Christophe Rouillon, Uachtarán Ghrúpa PSE i gCoiste Eorpach na Réigiún
Iratxe García Pérez, Uachtarán Ghrúpa S&D i bParlaimint na hEorpa
Sergei Stanichev, Uachtarán Pháirtí na Sóisialaithe Eorpacha
Estrella Durá Ferrandis, Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Agnes Jongerius, Feisire de Pharlaimint na hEorpa (le deimhniú)
Manuel Pizarro, Feisire de Pharlaimint na hEorpa (le deimhniú)
Maria Joao Rodrigues, Uachtarán na Fondúireachta Eorpaí um an Staidéar Forásach (FEPS) (le deimhniú)
Lásló Andor, Ard-Rúnaí na Fondúireachta Eorpaí um an Staidéar Forásach (FEPS)
(le deimhniú)
Michael Ludwig, Méara Vín (le deimhniú)